School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rí an Fheasaigh DhuibhBhí Rí in Éirinn aon uair amháin agus bhí aon mac amháin aige. Nuair a bhí an mac bliain is fiche fuair a mháthair bás. Phós a athair bean eile act bhí an leasmháthair go holc dó-san. Maidean amháin samhraidh bhuail mac an Riogh amach a chú lena chois, a sheabhac ar a bhois agus a chapall bréagh dubh dhá iomchar agus níor staon sé is níor stad sé nó go dtáinic sé go bord coille ar imeall locha. Casadh sean-fhearín caol, caithte annsin leis gur ar éigin a bhí an dé ann. "Céad míle fáilte agus sláinte romhat" ar seisean le mac an Riogh. Bheannuigh mac an Riogh ar ais dhó go macánta. D'íarr an sean-fhear de an mbeadh cluithche aca agus bhí mac an Riogh sásta. D'imrigheadar an cluiche act bhuaidh mac an Riogh. "Tabhair do breith" arsa an sean-fhear. Íarram de gheasa ort cloigeann gabhair a chur ar mo leas mháthair agus adharca chómh fada is nach mbéidh sí in ann corrú as an seómra. Maith go leor arsa an sean-fhear beidh sé déanta. Nuair a chuaidh mac an Riogh abhaile bhí brón mór ar gach duine san bpálás mar bhí cloigeann gabhair ar a leas mháthair. Bhí brón ar mac an Riogh é féin anois agus chuaidh sé a codhladh an oidhche sin go trom croidheach. Maidean(continues on next page)
- Collector
- Pádhraic Ó Scannláin
- Gender
- Male
- Address
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Informant
- Antoine Mac Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo