Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)64
isteach go gcuirfeadh sí ceist cé rabh
Máire Sheáin Ruaidh na comhnuide. Cé
an teach a rabh siad aige? ach teach Dhiarmaid
an ime. Chuaidh sí isteach ’un toighe agus
ní cluinnfidh iomrádh ar iad a leigean
amach go maidín. Chuaidh sighle isteach ach
d’fhán Nelidh mhór amuigh. Amach lé
Diarmaid an ime agus cuillseach bata
leis, tharraing sé stróic de’n bhata
ar thaoibh an bhalla agus bhágair sé
an t-anam aistí a gabhail isteach 'an
toighe. Chuaidh. Cuireadh síos teinidh
bhreágh agus rinne réidh bomhal breagh
tac do achan bean aca. Nuair a
bhí an biadh caithte tugadh sgian do
achan duine agus cuireadh a phiocadh
bruitín iad. Phioc siad póta mór
bruitín bhruitheadh an bruitín.
Bruidheadh é; cuireadh ladar ime
ann; fuair achan duine spanóg agus
thoisigh an t-slachairt gur luchtaigh siad
iad féin ar chuid brúitín Diarmaid
an ime agus chaith siad an oidhche
(1) bata mór trom(continues on next page)