Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)60
dhath a’ cur bhuadhartha uirthí ach a' sgeal-
aideocht ar an tSean-tsaoghal. Ag cainnt
ar theach chraidheain ar Hughlic 'ac aontaigh
ar Éoinín Ó Duibheanaigh agus ar bríghid
Sheáin Ruaidh. Is aicí a chaith mise tús
mo shaoghail nuair a bhí mé óg; feadain
a rádh gur ann a tógadh mé agus
d’innseochadh sí na sgéalaí seo domh
go díreach mar d’innseochadh sí do
fhear cheithre scór bliadhain. Bhí sí
ag innse domh uair amháin fá go
cruaidh cruadalach agus thug cuid ban
na Rosann a mbeatha i dtír ag
déanamh stocaí agus a n-iomchar ó
seo ’na- ngleanntach. Bhí aca ar
scór ar bith lé scór go leith mílteach
a shiubhal agus a ghabhail trasna ar
ghaoth-beara an áit a bhfuil droichead
mór anois; ní rabh a dhath an t-am
sin ann ach fearsaid. Nuair a
bhéadh sé bárr láin bhí forantóir
annsin a rabh bád aige agus bhéarfadh
sé trasna iad ar phighinn, fear a
(1) fear a bhíodh a’ tabhairt daoiní trasna
an ghaoth i mbád(continues on next page)