Tá mé mo suidhe ó d’éirigh gealach" areir.
Chualaidh sé an t-abhrán seo ag go leór daoine ar
an bhaile d’iomaite de Róise Ní Dhuibheanaigh.
I
Tá mé mo shuidhe ó d’éirigh gealach aréir
Ag cur teineadh síos ’s arist ’a fadughadh go géar.
Tá bunadh a’ toighe uilig ’na luighe acht mé fhéin
Tá na coiligh a‘ glaoidh, ’s ta’n saoghal 'na gcodhladh acht mé.
II
Is buachaill ón Éirne mé bhréagfadh cailín deas óg.
Ní iarrfainn bo (de) spré léí, nó tá mé fhéin saidhbhir go leor
Is liom Corcaigh a mhéad, dhá thaobh a’ ghleanna ’s Tír-Eoghain,
'S mar n-athruigh mé beásaí, is liom Éire, acht Conndae Mhuigh Eó.
III
Acht go bé ’n t-ól bhéadh cóta deas ar mo dhruim,
Stocaí 'gus bróga, agus cró maith seasgair do’n chloinn
Acht ’s iad na mnaibh óga a mheabhruigh ’n t-olc ann mo chionn,
'S da leighfinn-se leobhtha, go deo nach mbainfeadh siad liom.