Volume: CBÉ 0312

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0084

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0084

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    mí- fhoighdeach - dúirt sé dhá nglaoidhfeadh sé an tríú h-uair go dtiocadh sé anuas agus go mbainfeadh sé an ceann de. Ghlaoí an coileach an tríú h-uair. Anuas le fear a’ tighe, beireann
    sé ar an gcoileach agus marbhuíonn sé é. Cuireann
    sé sa bpota é. Léimeann sé aníos as an bpota agus gluíonn sé arís! Nuair a chonnaic an
    gadaí an mhìorúilt sin d’eirigh sé amach chuig fear a’ tighe agus thug sé é héin suas dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ag Ballyturn Castle (par.Chill Fhéichín, Killbeacanty) a chomhnuigh Máire na gCloigeann i bhfad ó shoin sa tseanaimsir. Cineál ban-taoisigh a bhí innti agus ní h-é an deagcháil atá urthí. Bhí sí ag
    dul an bóthar lá i n-a cóiste agus casadh baintreach bhocht duith a bhí a’ seóladh bó ar an mbóthar. Thaithnigh
    an bhó le Maire na gCloigeann agus dúirt sí leis a’
    * "Coileach Mártan’ an coileach is fearr .i. níor mhór go mbéarfaí an ubh agus "go dtiocadh an t-éan amach" i Mí na
    Márta. Agus sén triú h-ál (no "thírd brood") is fearr.
    (sgéalaí)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    29 January 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant