Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- I n-Innse Mhór, Doir uí Briain, paráiste Baile na Cille (Co na Gaillimhe) atá Réidh na
Caillighe. Bhí sé ráite go rabh cailleach dhruíochta fadó annsin. Bhí sí i n-ann giorrfhia
a dheanamh duithe héin, agus bhíodh sí a’ tabhairt an bhainne ó na beithí. Ach mharbhuigh fear a rabh cú dubh aige ar deire í (an giorrfhia). - 7.
Tá sean-sgeach i nDoire Bhuí, paráiste Tobar Pheadair, a dtugtar Sgeach a’ Phiobaire*
air. Bhí sé ráite ariamh go gcloistí ceól sidhe annsin, agus bhíodh faitíos ar dhaoine a dhul
thairis san oíche leó héin.
Dá gcastaí ceóltóir sidhe do dhuine agus go dtosóchadh sé a’ sínnm ní fhéadfadh an duine
sin stopa ach a’ damhsa an fhad's bheadh an* Tá sgeach phíobaire eile ar Chroc Ais, Baile Locha Ríach (Fé thíos Uimh. 14)(leanann ar an chéad leathanach eile)