Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Fadó nuair a bhí cainnt ag na h-éanaibh...”
436
fadó nuair a bhí cainnt ag na héanaibh do thár la
gur thángadar go léir le chéile i lúibh coille
chun dul i gcómhairle agus i muingin a chéile
féachaint ciacha b’fhearra dhóibh dul thar lear
nú fanamhaint i n-Éirinn, mar do bhí theas
an isamhraidh imthighthe, an fóghmhar go léir bailighthe
agus na práthaí bainte agus cúrtha i gcoimeadh.
Ní raibh aon bhlúire bídh fágtha ar dhruim tailimh
aca le n-ithe agus bhí an sgéal go leamh aca.
Do tháinig gach ean ó na níd féin ag
trthall ar lúibh na coille. Tháinig an fiolar
agus an fhiach dubh anuas ó imeall an isleibhe
Tháinig an seabhach agus an naoisgeach agus an fhionag
ón riasg. Tháinig an preachán, preachán
na gcearc, an chreabhar an traona, an
chearc fhraoigh, an bunán buidhe, an fhíodóg
an phiotraisc an snág breach, an fhaoilean
an fháinleogh, agus an smólach
Do tháinig an chiarseach an lóndubh, an gealbhún
agus an spídeoigín; an caistín fé chloich an
dreoilín, agus siobáinín an bhóthair.
tháinig an chorriasg féin ann i dtaobh
as gar chuaidh sé ana dhian uirthi an
abha d’fhágaint.(continues on next page)