Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh

Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0046
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Innstear alán sgéalta mar gheall ar liosanna...”
(ar lean ón leathanach roimhe)uirthe agus do ghaibh sé na capaill agus siúd leis go dtí
an lios go dána neamh-eaglach.
Do threabhaidh sé leis go breagh socair chun gur
tháinig aimsir bhídh agus annsan do sguir sé na
capaill agus do tháinig sé isteach abhaile.
Nuair a bhí an dínnéar ithte aige do shín sé ar
fhuarma cois na teineadh agus d’fan sé annsan ar
feadh tamaill. Ba ghearr gur eirigh sé ana bhreoidhte
agus do thóg sé an leabaidh. Níor tháinig aon
feabhas air agus chun sgéal gairid do dhéanamh de
do thug sé leath-bhliain annsan agus cos aige san
uaigh. Tháinig a shláinte tharnais chuige na dhiaidh san
ach deirim leat nár dhein sé aon iarracht eile ar
an lios do threabhadh.(gan teideal)
“Tá Lios ar Bhaile Mhic Íre agus níor deineadh aon iarracht...”
Tá lios ar Bhaile Mhic Íre agus níor deineadh aon
iarracht ar úsáid do bhaint as ach aon uair amháin agus
seo mar a thuit san amach. Do bhí gabha na chómhnuidhe
ar Charraig an Adhmuid agus do bhí sé ana dhealbh
agus do bhuail fear an leasa uime lá amháin sa
tsráid. D’iarr an gabha air an lios do thabhairt
do chun prátaí do chur ann an bhliain sin. "Airiú,"
arsan feirmeoir "tabharfadh agus fáilte ach do
chómhairleochainn duit gan é bhac. Níor chuireas féin
aon bharra ann riamh agus an rud ná baineann leat(leanann ar an chéad leathanach eile)