Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0033

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title)

    Do bhí bheirt ghaduidhe annso i mBaile Mhúirne...

    Do bhí beirt ghaduidhe annso i mBaile Mhúirne uair agus do thugadar aghaidh ar thig thuas i n-aice na roilge oidhche chun rud éigin do ghoid as.
    Do thugadar leo roinnt choirce i málaibh agus do chuireadar mála isteach sa roilig chun go dtíocfaidís tharnais airís. Do tharla gur ghaibh gaduidhe eile
    an treo agus nuair a airigh sé siubhal ag teacht fé na dhéin níor dhein sé ach dul de léim isteach thar falla na roilge agus luighe síos go raghadh an
    tóir thairis.
    Do stad an siubhal díreach ar a aghaidh amuigh ar an mbóthar agus d’airigh sé fé mar a bheadh beirt agus iad ag cogarnaigh le chéile. Fé dheire do labhair
    duine aca ó's árd "agus", ar seisean, "raghad-sa isteach annso anois chun an ceann istigh do thabhairt liom". Nuair a airigh an fear istigh
    an méid sin do shaoil sé gur daoine ón saoghal eile
    a bhí ann agus go rabhadar chun é bhreith leo agus do
    léim sé os cionn tailimh agus do sguab chun siubhail
    i dtreo gur bhain sé Bhaile Mhic Íre amach sar ar stad sé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant