Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0012
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)12
le n-a chéile agus nuair a bhí Naomh Abán ag fagháíl
bháis i gConntae Loch Garman d’airig Naomh Gobnait
marbhna na sochraide agus í i mBaile Mhúirne.
Do bhí ar fheirmeoiribh na hÉireann deachmhadh
a dhíol leis na Sasanaigh tráth - sé sin an deichmheadh
cuid de gach aon bharra a bhíodh ag fás aca.
Do thagadh sé anachruaidh ortha san a dhéanamh mar
is beag gustal ná talamh a bhí agá lán aca.
Do bhíodh prótadóirí deachmhan annso agus annsúd
chun an cíos do bhailiughadh agus do bhí duine aca
i mBaile Mhúirne mar an gcéadna. Do bhí seisean
na chómhnuidhe i dtigh mhór cinn-tuighe ar Bhaile
Mhic Íre agus ana shaoghal aige ann ar ndóin.
Ba leis na sagairt an tigh san tráth chun gur
bhain na Sasanaigh díobh é agus do thugadar don
phrócadóir é. Tímpeall na bliana 1820 do
eirigh na daoine agus na píléir anashearbh le chéile
i mBaile Mhúirne agus do bhídís ag priocadh a
chéile go minic
Do ceangaladh buachaill áirighthe de thrucaill thiar
ag an sean-dhroichead lá agus do tarraingeadh fan
bhóthair é as san anuas go dtí Carraig an Adhmuid
mar staincín ar na daoine. Do chuir san (no title)
“Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...”
12
le n-a chéile agus nuair a bhí Naomh Abán ag fagháíl
bháis i gConntae Loch Garman d’airig Naomh Gobnait
marbhna na sochraide agus í i mBaile Mhúirne.
Do bhí ar fheirmeoiribh na hÉireann deachmhadh
a dhíol leis na Sasanaigh tráth - sé sin an deichmheadh
cuid de gach aon bharra a bhíodh ag fás aca.
Do thagadh sé anachruaidh ortha san a dhéanamh mar
is beag gustal ná talamh a bhí agá lán aca.
Do bhíodh prótadóirí deachmhan annso agus annsúd
chun an cíos do bhailiughadh agus do bhí duine aca
i mBaile Mhúirne mar an gcéadna. Do bhí seisean
na chómhnuidhe i dtigh mhór cinn-tuighe ar Bhaile
Mhic Íre agus ana shaoghal aige ann ar ndóin.
Ba leis na sagairt an tigh san tráth chun gur
bhain na Sasanaigh díobh é agus do thugadar don
phrócadóir é. Tímpeall na bliana 1820 do
eirigh na daoine agus na píléir anashearbh le chéile
i mBaile Mhúirne agus do bhídís ag priocadh a
chéile go minic
Do ceangaladh buachaill áirighthe de thrucaill thiar
ag an sean-dhroichead lá agus do tarraingeadh fan
bhóthair é as san anuas go dtí Carraig an Adhmuid
mar staincín ar na daoine. Do chuir san(continues on next page)