Volume: CBÉ 0189
- Date
- 1935
- Collector
- Locations
On this page
- Bhí ferim mhór ag mmo Shean-athair ach do cuireadh amach íad.
Bhí m'uncal agus bhiodh caoire aige ar an gcnoc agus bhiodh sé á chradh agus na maoir a' tiomáint na gcaoire air. Tháinig sé ar an maor an lá seo agus í á dtiomáint arís. Bhí sé á dtiomáint agus a' baint seoit asta. Bhí sé a tiomaint na gcaoire agus bhí an sean duine a dtarraidh iad do thiomáint tar nais ar an sliabh arís, ach niorbh fhéidir leis.
Annsan hein sé an bhéarsa so:
"Nach mise chuirfeadh a' tóir air
le Mongan a' cóbac buidhe.
Dh'iompóch' ar bior me le forsa
Dhá mbeadh pinginn le dh'fághailt 'na shlí
Ach ní mór ar fad liom an t-iongadh
An faid atá gnó aca dhiobh
'S go n-imthechaidh an gleithearán de Luther
Nuair a raghaidh na códútors (coadjutors) sios."(continues on next page)