Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 541

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 541

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. 541
    = Siobhán Deas, bean luíbheannacha =
    Bhí saoghal un fudó ná raibh aon ghlaodhach age
    dochtuiridhthe ’á fhághail ach - ná iad ann - well, is
    dócha go rabhdar ann ach máiseadh ní raibh aon
    trioblóidh ’á chuir orrtha i ní chreid na sean
    daoine go raibh aon leigheas aca. Bhí dóchtuir
    ar a’ gCoirreán san am san go dtugaidís
    Dochtúir fhailfín air óch máiseadh n’fheaca-sa
    riamh a’ teacht fé dhéin aonne é, agus bhí sé a’
    mhaireachtaint ar pé salary beag a bhí aige
    í é a dtigh bheag annsan fé mar a bheadh aodhair
    bó ach do bhí ana- éileamh ar ól aige agus fhthas
    "gur ana-dhochtúir a b’eadh é ’á bhfaigheadh sé
    aonní le dpnamh, ach ní faigheadh ná ní chreid
    eadh na sean daoine séo go raibh ao’ mhaith
    ann, ach bhí aithne agam ar seana bhean i do
    bhí sí a’ dianamh a bheatha, agus is dócha gurbh í
    sin an bheatha go dtugaidh siad "a’ bheatha chaol
    bhrioghdnach," air - ná raibh breis airgid ag
    an mnaoi bhoicht ’á dhianamh, ach bhí sí a’ muir
    eachtaint go h-áirithint é ag imtheacht ó bhaile
    o baile ’á gcloisfeadh sí aonne go mbeadh aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant