Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)510
tímpal na h-áite seo i n-ao’ bhull ’dtaobh thiar de
Ciarraíghe - níor chualadh ó óg ná ó críona agus agus do
bhí aitne agam ar mhuarán desna daoine criona
mar bhíos ana- tháistealach ó Shnaidhm go Cachair
Saidhbhín as mh’óige agus as san go Cíll Orglan agus go
Néidín agus níor chualadh aonne riamh a’ trácht thairis
go raibh aon tanús leathair sa thaobh thiar de Chiarr)
aíghe i n-ao’ bhull níos giorra ná Corcaig, ach d’fhi
dfadh sí bheith b’fhéidir i dtráigh lí - nílim siúrálta
ciaca bhí nó ná raibh, ach is minic a chualadh mo
sin sean athar, gurbh ainm do Seán Ó Churráin, a
chómhnuig ar na Gearr Aibhní - bhí sé sin i bhfad a’
bailiúghadh na nialfartaíghe agus seirbhísigh aige agus é
a’ cairréireacht go Corcaig, agus ní raibh aon truc
aillí san am san ach capaill árd- ualaíghe agus nuagh
"ná bíodh cheithre ualach nialfarthaigh aige, bhiarfadh
sé - b’é an chuid is mó bhíodh aige aon uair is
dóigh liom dhá árd- ualach de’n nialfartaig seo,
bhiarfadh sé annsan dhá ualach ime, bheireadh sé
trí soithíghe ar gha’ h-aon chapall, agus ní bhiarfadh s
ach fáin dhá shathach ar a’ gcapall go mbeadh sé
féinig i n-áirde (air - bheadh sé tamall a’ siúbhal
agus tamall i n-áirde air, d’fhágadh sé suídhchan do(leanann ar an chéad leathanach eile)