Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)5
593
ramhainne go maidean. "'Sé an t-slíghe go ndintí an)
rómhan de phíosa d’iarann fuan agus chonnaic iad
’á dhianamh agus do tharraingidís amach ar dtúis
tosach na ramhainne agus do dhinidís chuma ná
ramainne ’thabhairt errthi. D’úmpuidís thar
n-ais annsan agus do chuiridís a’ chabhail errthi agus
an áit go mbeireann an maide greim errthi agus
nuair a bhíodh san críochnuidhthe annsan, d’úmp-
uíghdis chúcha an tosach arís í chuiridís púnt
chruaidh inntí agus leachaidís é sin isteach go dtí
meádhon a láir. Well dá mbeadh sí sin mar
rámhan cúrtha ar mhaide agat is í gobhtha isteach
i gceart, do gheárrfadh sí píosa adhmuid duit
fé mar a gheárrfadh thuag gí ’á mhéid cré ’gus
cloch a thagfadh roímpí dul i ngéire a bheadh
sí. Níor uupaig aon rámhan riamh an bheirt
fheara so de mhuíntir mhruchadha ach a’ dul i
ngéire a bheadh sí go dtí go gcaithfidís suas
go dtí an chabhail. Tó, dhinidís sgeanna leiss agus
grafáin agus b’fhearra dhuit scian ’á ndianfaidís
sin nó aon ghrafán ’á ndianfaidís ná trí
cínn, cheithre cínn desna grafáin atá ag
imtheacht anois, agus do gheárrfadh - bhí faobhar(continues on next page)