nó i n-aon áit.
"Sláinte an Athair Mhic a ceannuig go daor sinn,
Sláinte na banartlan a fuair a Leanbh gan chéile,
Sláinte Phádraig a bheannuig Éire
Sólás na bhFlaitheas go bhfaighidh ár
n-anm le chéile."
[Deirtear an phaidir seo le línn trí scíobhas do’n uisce ’ól tréis Chomaoine a ghlachadh]
"Seo éide ’chuir Mhuire orm cé nách fiú me í fhágail,
I n-ainm an Athar a dhin a’ ceart
I n-ainm a’ Mhic ’fhuilig a’ pian
'S a’ Sprid Naoimh le fiscint
'S a Mhaighdean Mhuire tar ’ár dtriaill."
Sin an paidir adiarfá nuair a chuirfá scaipléar ar do mhuíngeál.
= Ortha Na Duíghe =
"Ortha chuir Muire is a mac,
Ortha Chuir Bríghde ’n-a brat,