Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 422

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Nuair a bhí Arístotle ’n-a gharsún gus é a’ dul go dtí scoil - bhí sé a’ dul go dtí scoil agus n’fhiadtach sé aonní fhoghluim - n’fhiadtach sé aonní fhogluim, agus d’eirigh sé as a’ scoluiocht ar fad sa deire. Bhí sé aon lá amháin ’n-a
    sheasamh sa dorus agus do chonnaic sé go raibh
    na braonacha báistíghe bhí a’ tuitim anuas as a’ slínn sa dorus go raibh sé ag oibriú
    na cloiche fé ’n-a bhun síos agus ar seisean leis (féin) i n-aigne féinig dá raghadh sé go dtí scoil arís go m’fhé’ go bhfoghlmóch sé rud éiginteach. Seadh chuaidh sé go dtí an scoil agus bhí sé ar scoil go dtí gur fhoghlmuig sé a dhóithin agus nuair a bhí sé críona caiththe annsan ae seisean le na ghíománach nuair a bheadh sé féinig a’ fághail bháis - nuair a gheóbhadh sé bás- teacht chun a’ chnámha agus iad a mheilt agus iad a mheilt agus a dhóth agus do loscadh agus a’ substainnt ’thiocfadh as na cnámha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant