Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na peelers annsan is thógadar leó an gadhar is bheireadar leó sa bhearric é agus a’ fear oibre i
n-aénacht leis. Seadh, cuireadh cúirt ’n-a suídhe annsan ar a’ bhfear oibre is má cuireadh bailíodh isteach furamhór a’ bhaile sa chúirt agus tháinig beirt dosna fearaibh - dosna
peelers - ar a dtaobh amuich ’o dhorus agus a’ gadhar
aca agus bhítheas a’ leogaint na h-aonne amach ’n-a nduine ’s ’n-a nduine i ndiaidh ’chéile.
Choimeádadh é seo istig nách muar go dtí an fear dianach. Leogadh amach é seo is níor dhin a’ gadhar faic a bharra ach rith ’n-a choinnibh sa dorus is breith air is é ’tharrac isteach is
é bhualadh ar agaidh an Judge a bhí orrtha, pé saghas duine é. Seadh! stad sé: "is dócha gur tu dhin é," deireann sé sin leó. "Ní mé," ar seisean.
"N’fhiadfainn-se tu dhaoradh," arsa é sin, "nuair ná fuil aon fhíuch ort ach a’ gadhar," ar seisean, "ach caithfear tú chuir go dtí an Siosón, agus caithfir
fanúint sa bhearric," ar seisean, "go dtí an Síosón," Seadh! thugadar abhaile an gadhar annsan agus é seo sa bhearric aca agus dheightheas go dtí an
Siosón leis. Seadh! dineadh a’ cleas ciadna(leanann ar an chéad leathanach eile)