Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 381

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 381

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    aige. Seadh, do chailleadh a bhean annsan - luig Diá lámh errthi is cailleadh í, agus bhí sé féin ’san ingean annsan - ní raibh aige ach aon ingean amháin- is bhíodar ag obair na feirmeach is bhí fear oibre aige go raibh garraidhe is bainne ’ge ’á thabhairt do is is dócha ádhbhar airgid ’n-a theannta. Seadh! dheaghaidh sé go dtí - tháinig glaodhach annsan ar a’ gcíos ó’n lan’lord chuige - agus dubhairt sé leis a’ bhfear oibre annsan go gcaithfeadh sé dul leis na beithídhig go dtí an t-aonach amáireach chun a chíos a dhiol.
    Seadh, d’imthigh sé go dtí an t-aonach leis na beithídhig agus do dhíol sé iad - dorn maith beithíoch i ndómhnach - agus do tháinig sé abhaile tráthnóna
    luath annsan t’réis an aonaig agus bhí an fear oibre agus a’ cailín - ’ingean - ag obhair sa bhaile ’n-a dhiaidh a’ g'áilt do’n bhfeirm is na h-aonní.
    Seadh, t’réis suipéir astoidhche annsan, dubhairt sé leis a’ bhfear oibre imtheacht abhaile anocht - anois, a’ t-am so - go gcaithfeadh sé eiríghe i ndeire
    na h-oidhche chun imtheacht leis a’ gcíos go dtí an máighistir. Seadh, d’imthigh a’ fear oibre abhaile agus má imthig, d’eirig an ingean i ndeire na
    h-oidhche annsan is dhin sí biadh suas do is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant