Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)363
phaidhreacha annsan. Níor aithnig aonné é ná
críostaí. Seadh, tháinig a’ sagart ar an ulthóir
chulaith aifrinn air. Ghluaisig sé anuas chun
uisce coisreacan a’ crothadh ar na daoine is má
ghluaisig do chaith sé seo an lámh ó’n ngualainn
de leis a’ gclaídheamh. Seadh! tháinig - d’eirigh
nial do ’n-a raibh sa t-séipéal chun breith
air is so súd a dhianam leis is fha' sagart
leó gan aon chuir isteach a chuir air- gan
faich a dhianamh leis, nár dhin sé riamh é gan
réasún. Bhí an sagart a’ fághail báis, ’thabhairt
a chuid fala-gan seóidh a dhianamh leis. Seadh!
d’fhan sé annsan ’n-a sheasamh, an fear eile.
D’eirigh cuid ’osna daoine amach as a’ séipéal
annsan agus is geárr go bhfeacadar an scamall
muar dubh a’ tacht sa spéir go dtí an séipéal
í is geárr go bhfeacadar an clúr ghléigheal
a’ tacht ’n-a dhiaidh. Seadh, cé bheadh a’ tacht
annsan ná an diabhal - an scamall dubh- g ar
dTíghearna, ciad buidheachas leis, "an clur
gléigheal is do fhánadar ar dhá thaobh a’ t-saghairt
"sa t-séipéal a bhuinnt anm a’ t-saghairt díobh-
dá chéile. Seadh, bhí an diabhal ’á rádh gurb é(leanann ar an chéad leathanach eile)