Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 327

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 327

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    fadh sé isteach fiach cadé an cúrsa - an slíghe - bhí aca. Fuair sé pollín éigin go raibh sé a’ fiachaint isteach is cad a dhíneadar ná iarann dearg
    a bhualadh ar a shróin is bhlaés sí is chuir sé i n-iag ar shlíghe éigin í is d’fhág sé annsan iad agus d’imthigh sé go droichead - go dorus- na bhflaitheas arís. Seadh! fiafradh de ché bhí amuich. Dubhairt sé gurb é féinig a bhí amuich aríst is cadé
    an - ná leogfadh na diabhail isteach i n-ao’ chor é olc ná maith. "’Bhfuil fios agat cad a dhianfaidh sibh," ar seisean Ár dTighearna, ar seiseann, ciad buidheachas leis, "tugaidh solus do is scaoílidh ar fuaid a’ domhain é ’n-a Jack ó The Lanther." Ar seisean. Siné Jack O’ The Lanther a bhí a’ rith
    fudó agus níl aon tuairisg anois air, bhí an tiarma amuich is tá sé thuas ins na flaithis.
    Siné mo scial-sa agat anois a sheana- bhuachaill, is má tá briag un bhíodh, agus is fudó chuala é sin age sean daoine ar siúbhal - seana Seán - Sheán
    Gabha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.