Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)232
n-aon radharc dóibh i n-ao’ bhull, ach ní rabhdar
sásta ’dtí gur bhuail duin’ uasal leó ar a’
mbóthar agus d’fháilthigh sé roime Seán Ó Séaghdha
aí a bhuachaill agus do bhí úngna orrtha connus
a d’áithn sé iad, agus d’fhiafruíodar de a raibh
aon tig i n-ao’ bhull annso. "Ó tá," fsé, "leanaidh
mise. Is geárr uaibh anois, g, cmo thig-se, agus
nuair úmpaig sé isteach ó’n mbóthar bhuacha,
leanadar é, agus samhlaidh a bhí caisleán mhuar
aige, agus nuair a tháinig na seirbhísigh amach,
d’fháilíodar roime Seán Ó Séaghdha agus a bhuachaill
agi chuir sin leis úngna mhuar orrtha. Ph sé
leó annsan teacht isteach ag fuair sé suipéar
mhaith ollamh dóibh agus nuair a bhí an suipéar
ithte aca fhsé leó go dócha go rabhdar tuirseach
ag fhadar go rabhdar. Thusbháin sé an áit do-
thre lár an chaisleáin seo síos a bhí an
seómna go rabhdar chun dul chun codlata.
Nuair a bhí Seán Ó Seaghdha ’is a’ bhuachaill
a’ gabháilt síos - síos a’ caisleán so, chonnaic
Sean Ó Seaghdha an bhean is breághtha chonnaic
sé riamh istig í seómra - bean ruadh - agus n’fheaca
sé aon bhean riamh ba bhreághtha ná í. Chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)