Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)a’ gCounsiléar chómh maith agus do bhí agam-sa ar
mo láimh dheis, agus ’sé an áit gur chómhnuig sí a mbothán beag le h-ais - fé bhun Hotel
Bhutler Arms, agus do bhí sí ana-chríona. Is dócha go raibh sí a’ tarrac suas - bhí sí glanta go h-árd - i ngiorracht beagán bliadanta de chiad bliadhan go h-áirithint é, nuair a ’nís sí dhómh-sa é, agus do ’nis sí muarán nách é dhom dá gcoimeádfainn im’ cheann
é. Bhí muarán Éireann scialta agus eachtraidhthe aici i dtaobh a’ t-seana shaoghail, agus níl aon chor riamh a chuir Muíntir Chonaill díobh ná go raibh cuímhne agus aithne aici -
cuímhne ’cí air. - Bhí bóthar nua ’á dhianamh fudó ó shoin de shaoghal ó Thráig na h-Aoine - ó thímpal Áth na h-Aoine - suas go h-Achad Tiobraid, bóthar chóngair chun múir agus gainmhí do
tharrac un agus do bhí a fhuramhóir dianta agus(continues on next page)