Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 134

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tobar Naomh Mícheál, agus tagann muarán Éireann a’ tabhairt turais ann. Do bhí sé ráidhte agesna seana dhaoine fudó go bhfictí breac
    beannuighthe sa tobar, agus deirtí aonne do chífeadh a’ breac go n-eireóch a thuras go
    mhaith leis. Do chómhnuig bean a gCinn Árd agus mar seo do tháinig bliadhain árd-thrim go
    bráth agus ba dheochair aon braon fíor-uisce d’fhághailt tímpal na h-áite. Níor chuaidh Tobar Michíl riamh a ndíse dá’r mhiad triomacht a thagfadh níor thriomuig an tobar riamh, agus
    d’eirigh sí mar seo maidean agus do chur sí síos teine agus do theastuig bhuaithi na h-áruistí do scóladh. Do bhí sé de nós aca san am san go scólaidís na h-áruistí go maith mar
    'sé an sórt áruistí do bhíodh aca cannaí adhmuid agus ’sé an t-slíghe go scríosfaidís é lé scathán fraoíg mar do dhinidís amach dá’r mhiad scríos agus scólachán do thugaidís do’n árus gurbh eadh ba mhó an barra, agus do thóg sí léi an canna agus do fuaidh sí
    ad iarraidh canna dho’n fhíor -uisce go Tobar Michíl. Thug sí léi abhaile an canna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant