Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 110

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    go Dairbhre agus do lonnuig sé fé i nDairbhre. Do bhí sé a’ cur de go maith a nDairbhre agus do bhí scoil rínnce aistig aige ar a’ gCois agus do bhí sé féin agus a bhean ’á mbeathúghadh féin go maith- ádhbhairín d’fhaigheadh sé bhuatha geach oidhche. A gceann trí bliadna do bhuail sé breóidhte agus do chailleadh
    a nDairbhre é. 'Sé an áit ba ceart é ’chuir ar Dair Fhinán agus ba croidhe leis a’ bhean é chuir ann ach ’n-a dhiaidh san is eile ní raibh ainní ag an mbean bhocht do bhiarfadh ó dheas é agus do chuireadh ar a’ gCíll Mhuar a nDairbhre é. 'Sé an áit arbh as a bhean ó Phróiste na Catharach, baile go dtugaid siad an Muileann air, bean de’n Chlaínn Deis a b’eadh í - dosna
    Cheallaig - agus a gceann seachtmaine th'réis é chur do tháinig an chainnt ’n-a seómra leaptha: "A Mháire ," ar seisean,, "bhfuileann tú id’ chodla?." "Nílim," arsa Máire, "cé h-é sin?,"
    "Ná h-aithnígheann tú me", ar seisean. "A Dhia láidir," arsa Maire, "cadé an mí- adh do thug
    tu?" "Tóg as súd me," ar seisean, "agus chuir ó dheas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant