Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 108

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    -aint cad tá ann." D’imthigh sé na h-aon chóngar cos- nochtuidhthe agus a mhaide aige agus níor stad riamh is choidhche leis gur chuaidh sé síos, agus samhal a bhí na daoine go léir bailighthe thios
    agus a’ ministir anáirde ar árdán agus é á rádh leó úntáilt ar a chreideamh féinig agus
    ná beadh aon bhaoghal bocht orrtha; go mbeadh a ndóithin le n-ithe agus lé n-ól aca. Dubhairt sé leó go dtabharfadh sé tarrac ar mhin bhuidhe dhóibh agus tarrac ar fheoil agus go mbeadh feóil agus súp aca. Bhí sé a’ cainnt mar sin agus a’ cur de agus a ghearradh an Creideamh Caitlicí síos go truaghmhéileach. "Cadé an fáth," ars' a’ mínistir, "ná léigheann a’ t-sagart an
    t-Aifreann as biarla ar shlíghe agus go dtuigfeadh an pobal é?" Níor labhair aonne agus do bhí an t-amadán bocht so tamall suas ar chnocán. ""Neosfad-sa san duit," ars' a’ t-amadán ag úntáilt síos air. Níl aon
    chreidheamh eile - níl aon teanga eile ’á labhairt ná go dtuígeann a’ diabhal ach a’ Laidean agus dineann a’ Laidean blind ball de."
    "Cé h-é sin a labhair," ars an ministir leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant