(continued from previous page)
sa tig aon ruaine dhi, agus is dócha go raibh a’ chearthmha méith go maith. Chaitheadh ím a chuir dóibh arís errthi chun í ’dianamh níosa bh’fheárr, agus an tríomhadh lá do bhí cearthmha eile ithte
aca, agus a’ ceartmhadh lá do bhí sé - bhreághaidh sé anuas ar shlíghe gur tháinig an fear a bhí
i nDuíbhnis go dtugaidís Mícheál Ó Curráin air ’á thabhairt ar a’ dtír, agus dubhairt sé le Peaidí
Ó Gealabháin: "anois táim ’á fágaint sin mar chearthmha agat-sa," ar seisean le Peaidí Ó Gealabháin, "is beidh béile agat féin agus aged’ pháisdí errthi".
"Tóg leat amach í," arsa Peaidí, "níl aon chál agam-sa chúichi," ar seisean,, "leat féin iseadh í " ar seisean. "Nuair a chuiris a’ marbhú chaorach me," ar seisean "do mharbhuíos do chuid féin duit, agus go deimhin," ar seisean, "ní raibh agam-sa ach cheithre cínn de chaoire beaga", ar seisean, "is chídheann tú na páisdí 'tá annsan go n-oilfidís maith go leór chun ruaine plainnín a chuir orrtha." Ní raibh smiug un.
Níor thaithn sé i n-ao’ chor leis a chuiora ’mharbhú air, is gan aonní ag an duine bocht
san ach bheith ’n-a dhéirídhe annsan, "ach thainig
sé amach annsan. (cadé siúd eile arú!)
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.