Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 December 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 080

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí muarán daoine muinteardha age Muíntir Shúillobhain - Captaén Marcus - bhí seacht áintíní diag aige agus ceathrar úncailí, bhí an méid sin feaimlí ar Mháir’ Ní Duibh. Bhí sí go maith!
    Ach dubhairt sé leis an úncail gur mhuar a’ scial do Bannc a’ Róistig a bheith dúnta go raibh a sheacht ciad púnt istig. "Ó," ars a an t-úncail, ar seisean "ní h- aonní dhómh-sa é sin,"ar seisean "is measa dhuit féin do thrí
    ciad a bheith caillte agat," ar seisean, "ná ficfir go deó é. "Thugas-sa liom mo thrí ciad’ arsa Captaén Marcus. "Connus ’fhiadais dul air?" arsan
    t-úncail. "D’fhiadas, dul isteach sa bhannc san áit go raibh sé," ar seisean "tá do sheacht ciad-sa leis agam," ar seisean. "Well, ó’n uair go rabhais cómh maith,"
    arsan t-úncail, ar seisean, "bídís i dteannta ’chéile agat". Agus sin ar dhin sé de mhaitheas riamh, an méid a dhin sé ar mac a dhriféar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.