Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 December 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 053

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 053

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    53
    fsí le fear a’ tíghe go raibh a’ diabhal ar a’
    agus
    racha aige: ach d’ínnseas an scial san cheana
    ach seo scéal eile man geall air - mar gheall
    ar micí. Bhíodh michí amuich ga’ h-aon oidhche
    agus bhíodh sé ana- dheireannach oidhcheanntach
    amuich, agus bhí sé a’ tacht abhaile an oidhche seo
    áirighthe go h-áirithe agus bhí sé a’ cuir a’ bhóthair
    de agus bhí an oidhche chuibheasach geal agus chonnaic sé
    an fear ag úmpailt isteach an geatha seo chun
    a’ tíghe seo cómharsáin i n-aice leis agus a’ seos.
    amh i dtaobh amuich ’on fhinneóig, agus by god
    bhí iongna ar Micí aonne ’bheith amuich an am
    san ’oídhche agus ar a’ dtaobh amuich ’on finneóig.
    D’umpaigh sé isteach ’n-a dhiaidh fiach cad a
    bhí bhuaidh nó cé féinig. Do theich a’ fear go
    h-áirithe agus do sheasaimh Micí ar a’ dtaobh ’mhuich
    ’ón fhinneóig í le ’n-a línn sin- do bhí páisde
    óg sa tigh oidhcheannta éigim roime sinn ag sadhadh
    a’ leonbh amach tríd a’ bhfinneóig chun Micí g
    do thóg sé é is thug sé abhaile leis é. Seadh!
    choinngibh sé annsan é, agus ar maidin nuair eiri
    Micí - nó bhféidir nár chuaidh sé a chodla i
    n-ao’ chor - n’fheadar ciaca ’chuaidh nó ná ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    3 November 1935
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir