Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 049

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    aca agus d’imthig a’ fear bocht amach sa gharraidhe ag
    obair, agus bhí an garraídhe tamall ó’n dtig agus do
    dhearmhad sé aon spré theine a thabhairt roimis.
    Ní raibh aon mheaitseanna tímpal an uair sin mar atá anois. Nuair a theastuígheadh ós na
    sean daoine a’ phíop a dheargadh - agus bhí ana-dhúil
    sa tobac aige ar mo nós féinig - agesna sean daoine go léir- ach do bheiridís spré i gcómhnuídhe
    amach sa gharraídhe leó agus ga’ h-aon áit d’á raghaidís, mar bhí ana- dhùil sa tobac aca, agus
    tá ana-dhúil agam-sa ann leis agus ná bíonn mo dhóithin de agam, ach do tháinig sé isteach ad iarra’ spré theine go h-áirithe nuair a dearmhad sé í, agus cé bheadh istig roimis ach a bhean ar a’ raca, agus Peaidí, cómharsa di le ’n-a cois agus Abysina aca; ach do bheir sé ar a’ spré theine an fear bocht is bhuail sé amach arís, agus ba réidh a’ fear é. Ní gheóbhainn-se amach go h-áirithe dá mbeinn ann! Ar mh’anm-sa go dtabharfainn-se Abysina dho shar a ngeóbhainn amach! Ach do chuaidh sé amach ag obair sa gharraídhe is bhí a ghal tobac ag an bhfear mbocht is bhí sé
    socair réidh a’s ar ndóigh ba mhaith a’ t-slíghe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    3 November 1935
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT1423: The Enchanted Pear Tree
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant