(ar lean ón leathanach roimhe)
ói
n
nd
/.
44
Phontias piloch, do chiasadh ar a’ gCrois do fuair
bás is d'adhlachadh, chuaidh síos go h-ifreann,
d’áiseirig an treas lá ó mharbhaibh, do chuaidh
suas ar neamh, "tá ’n-a shuidhe ar deas- láim
Dé, an t-Athair Uile - Cómhachtaig, as san
tiocfaidh a’ dianamh breitheamhnachas ar bheoibh
ar mharbhaibh. Chreidim isa Sprid naomh ins a’
naomh Éaghlais Naomhtha Caithlicí Rómhánach, i gCo-
maoine na Naomh, maitheamhnachas na bpeacaí,
aiseirighe na colna is a’ bheatha síorruídhe,
men.
"Abraimíd na gníomhartha annsan ’n-a dhiaidh
sin, agus t’réis ná n gníomhartha:
"Dheónuig, a thíghearna Dia na grásta ’thabhairt
dhúinn is gach duin’ eile is mó do chídheann
Dhia Muar an Uile- Cómhachtaig ’ n-a riachtnas
ar taobh anm’ agus chuirp.
Abraimíd annsan. Ar n-Athair atá ar neamh
is chúig deichneabhair de’n Coróinn, nó chúig
deichneabhair diag- pé nídh is meón linn a
rádh dhi, agus t’réise sin, trí paidhreacha t’réis
na ndeichneabhar, í ’n-a ndiaidh sin:
"Deónuigh dhúinn tu ’mholadh, a Mhaighdean
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.