Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)gárneóir errthi is go raibh sí ag úmpar dhuine cloinne a’s go raibh náire errthi is go marbhóch
a muíntir í. Seadh! Dubhairt a Cóitín Luachra léi gur bhaoghalach ná dianfadh mara mbeadh gur chionntach í féinig, "agus is fuiriste aithint," ars a’ Cóitín Luachra, "dá ngabhteá thríos na cúrsaí gur ghabhas-sa go mbiarfí ort. Beireadh i dteannta orm-sa", arsa’ Cóitín Luachra, "trí oidhche agus d’fhiadas imtheacht as a’ leabaidh, ó’n t-é go rabhas
aige, agus do b’fhusa dhuit-se imtheacht uaidh sin ná dómh-sa imtheacht as a’ leabaidh uaidh sin ar feadh trí oidhcheannta". Seadh! nuair a bhí a chúrsa dianta aige leis a’ gCóitín Luachra d’imthigh sí bhuaidh, a’s lar na mháireach annsan d’imthig na h-uaisle go léir abhaile is bhítheas chun tuairisg a thabhairt ciaca ’cu ’phósfadh sé. Nuair a d’fhiafraig a mhuíntir de ciaca dhosna mná óga do phósfadh sé, dubhairt sé
gurb í an Cóitín Luachra a phós sé - ’phósfadh sé, agus d’eirig a mhuíntir ar bhuile chuige a
rádh gurb í an Coitin Luachra a phósfadh sé is clann righthe ’fhágaint ’n-a dhiaidh. Seadh!
ar seisean leó leogaint dho’n mhnaoi seo(continues on next page)