You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Ta cúig reiligi i bparóiste Chille Chaoi. 1. Cill Fhiacra:- Tá roilig i gCill Fhiacra agus gheibheann sé a h-ainm ó'n áit. Míle go leith soir ó dheas ó'n mbaile atá sé. Tá sé i mbaile fearainn (-). Chiotar ó'n bhfioghar thíos cé'n cuma atá air. Tá fánaidh lei i dtreo an deiscirt. Tá sé roinnte i ndá chuid i.e. is leis na Catoilicigh an roinn is mó ortha san agus cuirtear protastúnaigh 'sa gcuid eile. Tá falla a' dheighilt ón a chéile agus geata fé leith a' dul isteach ionnta araon. Níl crainn na toir ann. Tá fothrach cille - beann amháin de 'san roilig Catoiliceach, agus tugann sé aghaidh ar an oirthear. Tá daoine curtha ar ghach taobh de'n bhfothrach san. Tá an roilig chomh lán san go ndúnfar an áit sar a bhfad. Cuirtear daoine ann go fóill ach go h-áirighthe. Tá cros nó leac os cionn furmhór na n-uaigh ach is le fiche bliain anuas a tógadh iad beagnách. Cuid de's na leacacaibh táid 'n-a seasamh anáirde go díreach ag ceann na h-ugha,
(continues on next page)
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.