You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Eoghan agus an Garsún Lá amháin nuair a bhí Eoghan ag siubhal thart do féin i gceanntar an Fhaithche bhuail garsún cabaireach leis. Labhair sé le hEoghan agus d’iarr pingin air. “Agus cé hé tusa” arsa Eoghan. “Ní fheadar” arsa’n garsún “ach deirtear gur mach le h-Eoghan Ruadh me” “An ndeir tú liom?” arsa Eoghan. “Bhoil an chéad babhtha eile a chasfair liom, “Bhéarfaidh mé sgilling duit” Céard a dhéanfadh an garsún taréis sgartha leis ach an portach a threasnú agus bualadh leis airís ar an mbóthar. Chuir sé ceist ar Eoghan an sgilling a gealladh a thabhairt do. “Ní foláir no gur mhach d’Eoghan Ruadh thú mar ní chuimhneóchadh aoinne eile ar a leithéid chleas” arsa Eoghan ag tairisgínt na sgillinge dó.
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.