You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Insín na Glutharnaighe Chuaidh Fingín Ó Donnchadha an Ghleanna agus a shaighdiúirí go Baile Mhúirne uair amháin ag glachadh creiche. Shroiseadar Baile Mhúirne in am mhairbh na h-oidhche agus thosnuigheadar láithreach ar gach capall agus gach beithidheach a sholáthair chucha. Pé in Éirinn é dhúisigh muintear na h-áite agus chuireadar in a gcoinnibh. Bhí Finghín agus a chuid fear ró láidir dóibh, rugadar an chreach leo agus siar leo i dtreo an Ghleanna airís. Chuir muinntear Bhaile Mhúirne a gcomhairle i dteannta chéile annsan feachaint cad a bfearra dhóibh a dhéanamh agus indeire na dála shocruigheadar go raghaidís ar lorg foirthine ar Naomh Gobnatan mar bhí an-iongantaisí á dhéanamh aici leis na beacha beannuighthe an uair úd. Pagánach do b’eadh an taoiseach a bhí ortha agus níor mhaith leis dul chúiche ac b’éigean do. Gheall Naomh Gobnait go dtabharfadh sí a gcuid stuic ar ais chúcha ar choingheall go n-iompóchadh an taoiseach ‘n Catoiliceach. D’iompuigh sé. Siar in ndiaidh luchta na Creiche le Naomh Gobnait an beacair na láimh aici agus í cosnoctuighthe. Tháinig sí suas leo ar teorainn an dhá chonndae agus do chraith sí an bheacair san aer agus tháinig na beacha amach. Dhein saighdiúirí dhíobh. Bhí an-bhruighean idir an dhá dream annsan agus sa deire cuireadh an ruaig ar
(continues on next page)
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.