You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
(continued from previous page)
aici dos na leanbhaidhe. Nuair a tháinig sí abhaile do bhí na leanbhaidhe sínte siar agus iad na gcodladh. Do chroch sí an corcan os cionn na teine agus chuir braon uisce ann mar dubhairt sí leí féin dá ndúiseochadh na leanbhaidhe agus gan aon rud d'feicsint ar an dteine go dtuitfeadh an t-anam asta. Nuair a dhuisigh na leanbhaí dubhradar le na máthair "Mhuise a mháthair an bhfuil aon nídh agat dúinn?. Cad tá sa chorcán agat ?" "Tá", ars an mháthair , " braon do puirseach mine bhuidhe". "Mhuise, cabhair Dé chugainn " ars iad ag éirge aniar. D'feuch duine aca sa chorcán , agus is amhlaidh bhí an puirseach bhreagh bhuidhe ag fliuchaig aníos. Do thógadar an puirseach do'n dteine agus d'itheadar a ndóthain. "Seadh anois", ars an mháthair, "ní mise a thug an béile dhíbh acht Dia na Glóire. Beirid buidheachas do Dhia anois i dtaobh an bhéile sin . Ní tháinig aon lá níos measa ortha ná an lá san mar chuireadar a muinighean i nDia na Glóire.
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.