You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Is air é an tól ar amannaibh, An té a gheobhadh é taréis bídh, Nó gloine fhaghail ar maidin de. A Chomneóchadh é ó'n nGaoith. Acht feicim an té a leanas dó Is a d'fhághas an rath saoghail Nuair a bhíos a phócaí Follamh, Nach mbíonn Cion ná meas air coidhche. II Is dom-sa a d'fheil an scéal seo. Is mé féin atá 'ghá rádh. Mar is iomdha scilling Ghléigeal. Ar chuir mé léan uirri lé raithche. Acht anois ó tá mo phócaí Follamh, Is gan a ceart ag mnaoi an óil, Cá bhfuighinn an fear a déarfadh liom "Tara nait ag ól." Tá sé raidthe gur bé Micheál Mac Suibhne, an File as Connamara a Chum an Dán seo thuas, uair amháin, taréis é caitheamh go leó ar ól, agus nuair abhí an tairgead spíonta aige dheamhan strioncán ar bith a bhí le fághail aige féin ó aon duine.
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.