You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Maidin chiúin dá'r éirigheas amach ar fud na gcoillte. Go cinnte caitheadh saigheadh ;iom, is mo leigheas ní bhfuil le fághail. Nuair a chonnaic mise an mhaighdean, fé bhruach na sgeiche droighne. Gheit mo chroidhe le méidhir, acht níor éirigh liom í fhághail. II Nach truagh, nach mbeinn 'mo smóilín, is deas mar leanfainn ins an ród í. Le cúmha i ndiaidh bláth na h-óige, mar sí do bhreó mo chroidhe. Go mbeinn-se a seinm cheóil dí, ó mhaidin go tráthnóna. Is níor bhaoghal di, galra dútchais, ná smúit ar bith ón ngaoith. III Is a stóirín tuige nach sgríobhthá agam-sa cúpla líne. Nó cé'n cuan, nó caladh, a mbíonn tú, nó cá dyéidheann tú ós cíonn trágha. Níl cnoc, níl gleánn, níl coillte, acht drúcht ar móin, mar radharc ann. Is tá mo stór faoi shoillse ann, is nach mé
(continues on next page)
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.