You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Tá go leór comharthaí dtaobh na h-aimsire sa gceanntar seo. Gach lá tá na sean daoine ag cainnt fútha. Deirtear dá bhfeicfeá na faoláin ag teacht insteach ón bhfairrige gur comhartha chun stoirm agus báis-tighe é sin. Dá bhfeicfeá an préachán ag eiteal le aon sgitheán suas agus an ceann eile anuas gur comh-artha droch aimsire é sin. Dá bhfeicfeá fáinne thart ar an n-gealaigh is comhartha droch aimsire é sin. Dá mbeadh cuid denfáinne briste bheadh an ghaoth ag séid-ead on taobh sin. Dá mbeadh an ghealach nua ag seasamh suas díreach bheadh aimsir bhreagh againn. Dá beadh an ghealach ag luigh ar a druim bheadh aimsir go han donna againn. Dá mbeadh cuid den teine gorm bheadh stoirm againn. Dá bhfeicfeá go leór druideóga ag dul suas san éir bheadh aimsir bhreagh againn. Dá mbeadh an cat
(continues on next page)
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.