You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Sgéal Pisreógach Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí sé ag dul chun an aonaigh cheannacht beathaigh. Nuair a bhí sé ag imtheacht chaith a bhean an maide briste ina dhiaidh le adh maith a chur air. D'imthigh sé leis. Nuair a bhí sé giota maith ag siubhal casadh bean ruadh air agus í costárnocht. Labhair seisean leithe agus sheasaidh sise. Tá tú ag dul chun an aonaigh indú a ceannach beathaigh arsa sise. Tá arsa'n fear. Tá súil agam go bhfuighe tú beathach maith arsa'n bhean. D'imthigh an fear go dtí an t-aonach agus cheannuigh sé an beathach. Nuair a bhí sé ag teacht chun an bhaile agus é ag marchaigheacht air, rith cóinín trasna an bhealaigh mhóir, thug an beathach léim agus thuit an fear agus briseadh a mhuineál.
(continues on next page)
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.