You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Séamus Ó Rabhartaigh, Leitir Catha a d'innis. A mháthair a d'innis an scéal dó-san. Rugadh agus tógadh Séamus i Leitir Catha agus is ann a chaith sé a shaoghal. Tá sé fa thuairim 60 bliadhan anois. Díorfach Mac na Baintreabhaighe Bhí bean ar an bhaile seo i bhfad ó shoin agus bhí mac aici arbh'ainm do Sheán agus siocair nach raibh sé ach beag bheirfaidhe "Díofach Mac na Baintreabhaighe mar leas-ainm air. Bhí Seán agus a mháthair iongantach bocht agus nuair a tháinic Seán ins an aois go raibh sé i ndan dadaidh a dhéanamh leag sé amach do fhéin go rachadh sé ar fastodh. Bhí fear ina chomhnuidhe thuas i nGleann Fhinne ins an am arbh'ainm do an Fear Ruadh agus dubhairt Seán le n-a mháthair lá amháin go raibh sé 'gabhail ar fastodh chuig an Fear Ruadh. "Maith go leor," arsa'n mháthair, "thig leat no tá an t-airgead a dhith orainn ar scór ar bith" D'fhág siad slán ag n-a chéile agus d'imthigh Seán. Nuair a chuaidh sé fhad leis an Fhear Ruadh chuir Seán ceist air an dtabhairfeadh sé fastodh do. Dubhairt an Fear Ruadh go dtabhairfeadh go ndeánfadh an chuach an chead scairt
(continues on next page)
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.