You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
Sgéalta fada na h-Áite Peadar Mac Diarmuid agus a chlann atá ar sgol. Innsigheann siad na sgéalta ó bhéal. Na Trí ( Ingeanacha) Cailleachha Bhí bean ann agus trí ingheanacha aicí. Lá amháin rinne an ceann ba shine aca ( amach) go rachfadh sí ar fastughadh. D'imthigh sí leithí, casadh fear uirthí, agus d'iarr sé uirthí an dheánfadh sí fastughadh. Rinne sí fastughadh agus d'imthigh sí féin agus an fear abhaile. An oidhche sin fuair sí suipeár maith agus leabaidh mhaith agus maidín lá thar na bhárach nuair a d'éirigh sí dubhairt an maighistreas leithí go gcaithfeadh sí leath-dhosaon de léinteachaibh caola bána a dheánamh, roimh an dó a chlog lá thar na
(continues on next page)
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.