You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this instance your IP address will be displayed in the interest of quality control.
1. Creideann a lán san áit seo go bhfuil leigheas don ghalar marfach sin, cancer [.i. ailse], le fáil as subh an chaisearbháin. 2. Má bhíonn triuch ar leanbh is cóir bainne a thabhairt do fhiréad le n-ól agus an chuid den bhainne a fhágann sé a thabhairt don leanbh breoite. Leigheasfaidh an rud seo é a deirtear. 3. Má chraitear gairleog nó oiniún gearrtha in áit ar bith sa teach coinneoidh siad galar ón teach, meastar. 4. Tá leigheas do sprain i snáth fíodóra a deirtear. 5. Creidtear san áit seo go bhfuil leigheas i bhfuil duine ar bith den sloinne Creithin do bholscóid mhór a dtugtar ‘an Rós’ air. Ní bréag ar bith é seo, mar tá aithne agam féin ar fhear a raibh an éalang seo air agus a fuair leigheas ó bhraon fola as duine de mhuintir Chreithin i gCluain Mór – trí mhíle slí ón scoil seo. Seán Ó Flaitile, comharsa bhéal dorais liom, an fear a leigheasadh, agus tá sé faoi láthair
(continues on next page)
Transcription guide »
By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.