'Spealadóir Cáileamhail.' Spealadóir an mhaith dob eadh Domhnall McGuane. Do rugadh e i Sheana-Bhaile ós cionn a h-ochtód bliana ó shoin. Bhí sé pósta ag baintreich darb ainm dí Bean Uí Dixon. Sar a phós sé agus nuair a bhí sé sa mbaile bhí a athair poinnt beag as a mheabhair. Blian amháin nuair a bhí Domhnall ina fhear óg bhí rásanna le bheith i Sráid na Cathrach. Is i mí Lughnasa a bhí na rásanna le bheith, agus bhí air an féar go léir a bheith bainte aige roimh an la san nó ní leigfeadh a athair dó dul ann. Dhá lá roimh na rásanna bhí páirc cúig acra le baint aige agus ní raibh de chead aige cabhair a iarraidh ar éinne. D'éirig sé ar a trí a chlog an da maidin san agus d'obruigh sé go cruaidh go dtí a h-ocht gach oidhche. Bhí an páirc go léir bainte aige an oidhche roimh na rásanna. Thárlaidh go raibh an lá in a dhiaidh sin an-fhluichAnaithnid