(B) TOBAR NAOMH CEARBHALL Tá an tobar seo suidhte i bpáirc Uí Bhreannuigh i mbaile fearann Gort na Lon i bparáiste Guirtín. Tugtar an t-anim sin air mar 'sé Naomh Cearbhall do bheannuigh é uair eicínt idir an séamhadh agus an naoimheadh aois. Deirtear gur chomhnuigh maol mór insan tobar uair amháin agus ar laetheannta áirithe do theigheadh sé ar fud an pharáiste ag sladadh na ndaoine agus ag marbh na beithidhigh. Bhí eagla mór ar na daoine roimhe agus d'iarr siad congnamh ar Naomh Cearbhall a bhí in a chomhnuidhe i gCluan Caoin ag an am. Tháinic Naomh Cearbhall go dtí an tobar agus bheannuigh sé é agus roinneadh an maol i dhá roinnt, agus d'imthigh roinnt amháin síos an abhann agus an roinnt eile suas an abhann. Bíonn pátrún chuig an tobar seo ar an triomhadh lá déag de Mheithimh gach bliain agus bíonn lá saoire sa bparáiste ar an lá seo. Ní déantar obair ar bith i bparáiste Guirtín ar an lá seo agus coinnightear an lá saora cosamhail leis an Domhnach nó lá saora ar bith eile. Deirtear gur mí-ádhamhail an rud é obair a ndéanamh ar an lá seo agus tá cuid daoine i nGuirtín a ghníonn obair ar an lá agus bíonn mí-adh de shaghas eicínt ortha i gcomhnuidhe; b'féidir nach bhfásfadh a cuid barraí, nó gheobhfadh cuid dhá stuic bás, nó rud eicínt eile mar sin. (B) TOBAR NAOMH MHAOIL Tá an tobar seo suidhte i bpáirc Mac Uidhir i mbaile fearann Ceann Riasc i bparáiste Baile Mac an Bháird. Tugtar an t-ainm sin ar an tobar mar 'se Naomh Mhaoil do bheannuigh é uair eicínt.An Dothra Bheag