13 Eanáir 2017
Suirbhé ar úsáideoirí dúchas.ie - Bheimis buíoch díot ach suirbhé gearr faoi dúchas.ie a líonadh amach anseo. Beidh sé ar fáil go dtí meán lae an 3 Feabhra 2017.
10 Eanáir 2017
Bhí fabht cumhachta i gceann de na hionaid sonraí anseo i DCU inné (an 9 Eanáir) a chuir isteach ar an nasc le freastalaí gréasáin Fiontar & Scoil na Gaeilge (i.e. Ainm.ie, Dúchas.ie, Gaois.ie, Logainm.ie) ar feadh 105 nóiméad (idir 14:53:00 agus 16:38:00). Ár leithscéal faoi seo.
23 Nollaig 2016
Nollaig faoi shéan agus athbhliain faoi mhaise daoibh ó fhoireann dúchas.ie. Ár mbuíochas libh as an tacaíocht a léirigh sibh le linn na bliana trí úsáid a bhaint as an suíomh agus obair mhór a dhéanamh ar Mheitheal Dúchas.ie le linn 2016. Beimid ar ais san oifig ar an 3 Eanáir 2017 agus freagrófar fiosrúcháin chuig eolas@duchas.ie ansin.
14 Nollaig 2016
An bhfaca tú an mhír faoin Nollaig ar leathanach na n-acmhainní eolais? Cliceáil anseo le pdf a íoslódáil ina bhfuil cnuasach scéalta ó Bhailiúchan na Scol tarraingte le chéile ag foireann dúchas.ie.
3 Deireadh Fómhair 2016
Folúntais in Fiontar agus Scoil na Gaeilge: Cúntóir Taighde (conradh suas le 24 mhí). Tuilleadh eolais>>
Cúntóir Eagarthóireachta Taighde (conradh suas le 24 mhí). Tuilleadh eolais>>
Spriocdháta: 17 Deireadh Fómhair 2016
22 Meán Fómhair 2016
Tá ábhar ó Chontaetha Chorcaí agus Uíbh Fhailí ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
8 Meán Fómhair 2016
Tá ábhar ó Chontaetha Chill Mhantáin, Cheatharlach agus Loch Garman ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
10 Lúnasa 2016
14 Iúil 2016
Tá ábhar Co. Ros Comáin agus Co. na hIarmhí ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
23 Meitheamh 2016
Cliceáil anseo le scéalta agus seanchas a bhaineann le hOíche Fhéile Sin Seáin a íoslódáil.
16 Meitheamh 2016
Tá ábhar Co. na Mí ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
31 Bealtaine 2016
Tá ábhar Co. an Chabháin agus Co. an Longfoirt ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
10 Bealtaine 2016
Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí dúchas.ie ar fáil anseo>>
29 Aibreán 2016
Tá ábhar Co. an Chláir ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
25 Aibreán 2016
Cliceáil anseo le scéalta agus seanchais a bhaineann le Lá Bealtaine a íoslódáil.
22 Márta 2016
Tá ábhar Co. Thiobraid Árann ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
11 Márta 2016
Cliceáil anseo le scéalta agus seanchais a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig a íoslódáil.
18 Feabhra 2016
Tá ábhar Co. Lú ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
4 Feabhra 2016
Tá gach ábhar ar dúchas.ie ar fáil le tras-scríobh anois.
4 Feabhra 2016
Ní raibh rochtain ar íomhánna Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie ar feadh tréimhsí idir an 3 Feabhra 2016 agus 15.00 inniu, an 5 Feabhra 2016. Is mar gheall ar earráid chumraíochta tar éis oibreacha uasghrádaithe riachtanacha a reáchtáladh ar an 3 Feabhra idir 12.00-14.00 an t-éaradh seirbhíse seo. Ár leithscéal faoi seo.
29 Eanáir 2016
Tá ábhar Co. Chill Chainnigh ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
27 Eanáir 2016
Ní bheidh rochtain ar íomhánna ar dúchas.ie idir 12.00-14.00, an 3 Feabhra. Is i ngeall ar obair chothabhála riachtanach ar an bhfreastalaí an t-éaradh seirbhíse seo. Ár leithscéal faoi seo.
23 Nollaig 2015
Nollaig faoi shéan agus athbhliain faoi mhaise daoibh ó fhoireann dúchas.ie agus go raibh míle maith agaibh as úsáid a bhaint as an suíomh i gcaitheamh 2015. Beimid ar ais san oifig ar an 4 Eanáir 2016. Freagrófar fiosrúcháin chuig eolas@duchas.ie ar fhilleadh dúinn.
17 Nollaig 2015
Cliceáil anseo le scéalta agus seanchais a bhaineann leis an Nollaig a íoslódáil.
14 Nollaig 2015
Ár mbuíochas le gach duine a líon an suirbhé ar úsáideoirí dúchas.ie le déanaí. Comhghairdeas le Gráinne Ní Mhuilneoir, i bPort Laoise, Co. Laoise, buaiteoir an chrannchuir.
26 Samhain 2015
Tá ábhar Co. Mhuineacháin ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
20 Samhain 2015
Tá ábhar Co. Laoise ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
19 Samhain 2015
Suirbhé ar úsáideoirí dúchas.ie - Bheimis buíoch díot ach suirbhé gearr faoi dúchas.ie a líonadh amach anseo. Cuirfear ainm gach duine a luann a sheoladh ríomhphoist san áireamh i gcrannchur le haghaidh éarlais leabhair ar luach €150. Rithfear an crannchur ar an 11 Nollaig 2015.
30 Deireadh Fómhair 2015
Sheol Jan O'Sullivan TD, Aire Oideachais agus Scileanna, ábhar Chontae Luimnigh ó Bhailiúchán na Scol go hoifigiúil ag ócáid a tionóladh i gCathair Luimnigh ar an 30 Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolais>>
15 Deireadh Fómhair 2015
Ní bheidh rochtain ar dúchas.ie idir 13.00-13.30, 22 Deireadh Fómhair. Is i ngeall ar obair chothabhála riachtanach ar an bhfreastalaí an t-éaradh seirbhíse seo. Ár leithscéal faoi seo.
6 Deireadh Fómhair 2015
Folúntas in Fiontar: Cúntóir Taighde faoi oiliúint (conradh 6 mhí). Tuilleadh eolais>> Spriocdháta: 26 Deireadh Fómhair 2015
5 Deireadh Fómhair 2015
uirlis cuardaigh téacs curtha le dúchas.ie.
24 Meán Fómhair 2015
Ní bheidh rochtain ar dúchas.ie idir 13.00-13.30, 1 Deireadh Fómhair. Is i ngeall ar obair chothabhála riachtanach ar an bhfreastalaí an t-éaradh seirbhíse seo. Ár leithscéal faoi seo.
17 Meán Fómhair 2015
Ní bheidh rochtain ar dúchas.ie idir 13.00-13.30, 24 Meán Fómhair. Is i ngeall ar obair chothabhála riachtanach ar an bhfreastalaí an t-éaradh seirbhíse seo. Ár leithscéal faoi seo.
15 Meán Fómhair 2015
Folúntas: Ríomhchláraitheoir Sonraí Cúnta (Páirtaimseartha) in Fiontar. Tuilleadh eolais>> Spriocdháta: 2 Deireadh Fómhair 2015
24 Lúnasa 2015
Folúntas: Eagarthóir Taighde in Fiontar. Tuilleadh eolais>> Spriocdháta: 11 Meán Fómhair 2015
2 Meitheamh 2015
Tá ábhar Shligigh ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
30 Aibreán 2015
Cliceáil anseo le scéalta agus seanchais a bhaineann le Lá Bealtaine a íoslódáil.
23 Aibreán 2015
Sheol Joe McHugh TD, Aire Stáit, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Meitheal Dúchas.ie agus ábhar béaloidis as dhá chontae nua (Ciarraí agus Cill Dara) go hoifigiúil ag ócáid a tionóladh in DCU ar an 22 Aibreán. Tuilleadh eolais>>
23 Aibreán 2015
Tá ábhar Chill Dara agus Chiarraí ar fáil ar dúchas.ie anois.
Tuilleadh eolais faoi ábhar Chill Dara>>
Tuilleadh eolais faoi ábhar Chiarraí>>
31 Márta 2015
Tá acmhainní eolais curtha leis an suíomh agus dhá alt in-íoslódáilte ina measc: '"Men who could catch horses and rabbits by running after them": The Schools’ collection' le Rosita Boland agus 'Súil siar ar Scéim na Scol 1937-1938’ le Séamas Ó Catháin.
Tá an dá alt ar fáil anseo.
13 Márta 2015
Cliceáil anseo le scéalta agus seanchais a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig a íoslódáil.
12 Márta 2015
Ní bheidh rochtain ar dúchas.ie idir 17.30-17.40, 16 Márta. Is i ngeall ar obair riachtanach uasghrádaithe an t-éaradh seirbhíse seo. Ár leithscéal faoi seo.
13 Feabhra 2015
Ár mbuíochas le gach duine a líon an suirbhé ar úsáideoirí dúchas.ie le déanaí. Comhghairdeas le Paddy Madden, i dTeach Srafáin, Co. Chill Dara, buaiteoir an chrannchuir.
15 Eanáir 2015
Suirbhé ar úsáideoirí dúchas.ie - Bheimis buíoch díot ach suirbhé gearr faoi dúchas.ie a líonadh amach anseo. Cuirfear ainm gach duine a luann a sheoladh ríomhphoist san áireamh i gcrannchur le haghaidh éarlais leabhair ar luach €150. Rithfear an crannchur ar 6 Feabhra 2015.
23 Nollaig 2014
Nollaig faoi shéan agus athbhliain faoi mhaise daoibh ó fhoireann dúchas.ie agus go raibh míle maith agaibh as úsáid a bhaint as an suíomh i gcaitheamh 2014. Beimid ar ais san oifig ar 5 Eanáir 2015. Freagrófar fiosrúcháin chuig eolas@duchas.ie ar fhilleadh dúinn.
4 Nollaig 2014
Tá innéacs sloinnte Éireannacha ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
4 Nollaig 2014
Tá ábhar Liatroma ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
7 Samhain 2014
Folúntas: Eagarthóir/Riarthóir Tionscadal Taighde in UCD. Tuilleadh eolais>> Spriocdháta: 17 Samhain 2014
9 Deireadh Fómhair 2014
Tá ábhar na Gaillimhe ar fáil ar dúchas.ie anois. Tuilleadh eolais>>
9 Deireadh Fómhair 2014
Folúntas: Cúntóir Teicniúil Páirtaimseartha. Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 31 Deireadh Fómhair 2014.
25 Meán Fómhair 2014
Folúntais: Cúntóirí Eagarthóireachta Taighde (3 phost). Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 17 Deireadh Fómhair 2014.
3 Iúil 2014
Folúntas: Poist Samhraidh. Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 17 Iúil 2014.
5 Meitheamh 2014
Tá ardán nua, gaois.ie, seolta ag Fiontar DCU chun acmhainní teanga agus téarmaíochta Gaeilge a sholáthar ar líne. Tá an corpas comhthreomhar ParaDocs ar fáil ar gaois.ie anois. Cuirfear tuilleadh áiseanna agus acmhainní ar fáil ar gaois.ie de réir a chéile.
21 Bealtaine 2014
Ar thug tú cuairt ar shuíomh nua logainm.ie, a seoladh ar 16 Bealtaine?
20 Bealtaine 2014
Folúntas: Cúntóir Eagarthóireachta Taighde. Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 6 Meitheamh 2014.
6 Bealtaine 2014
Folúntais: Intéirneachtaí Taighde (6 phost). Tuilleadh eolais>> Spriocdháta ná 23 Bealtaine 2014.
15 Aibreán 2014
Tá áis chuardaigh nua curtha le dúchas.ie agus is féidir leat scéalta a aimsiú a bhaineann le daoine ar leith, idir scéalaithe, pháistí agus mhúinteoirí. Cliceáil ar ‘Daoine’ agus is féidir leat tús an tsloinne, nó an sloinne iomlán, a ionchur, nó brabhsáil de réir aibítre agus ansin scagadh de réir contae.
27 Márta 2014
Is féidir clárú anois anseo do chomhdháil bhliantúil agus imeacht oiliúna BISA a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 16/17 Bealtaine. Cúis áthais do BISA a bheith ag obair i gcomhar le Fiontar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana leis an gcomhdháil a eagrú.
Tabharfaidh an chomhdháil aghaidh ar théamaí agus ar dhúshláin atá comónta dúinn. Ceann díobh ná an chaoi nuálach spreagúil ina mbaintear úsáid as an Idirlíon chun deis a thabhairt do dhaoine teacht ar an ábhar luachmhar atá á gcaomhnú i gcartlanna fuaime in Éirinn agus sa Bhreatain. Tá dréachtchlár ar fáil anseo.
Meastar go coitianta gur uirlis éifeachtach é an tIdirlíon chun cur le rochtain an phobail ar na haircíví fuaime sin, ach ní léir i gcónaí cén cur chuige is fearr.
€30/£25 táille chlárúcháin na comhdhála (baill chláraithe BISA) nó €36/£30 (daoine nach baill iad), lón agus sólaistí san áireamh. Is féidir íoc ar an lá. Cláraigh don chomhdháil inniu. Fearaimid fáilte romhat go Baile Átha Cliath!
Tá an Brainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tacú leis an gcomhdháil seo.
25 Márta 2014
Tá áis léarscáilíochta curtha le dúchas.ie. Cliceáil ar ‘Áiteanna’, nó lean an nasc seo www.duchas.ie/ga/plc. Is féidir leat zúmáil isteach ar cheantar nó ar scoil ar leith agus teacht ar ábhar na scoile sin ach cliceáil ar ainm na scoile. Níl ach léarscáileanna Béarla de chuid Google ar fáil dúinn faoi láthair ach tá taighde leanúnach á dhéanamh againn ar shocruithe níos feiliúnaí.
8 Nollaig 2013
Cuireadh tús leis an tionscadal in 2012, agus foilsíodh 80% (c. 64,000 mír) d’ábhar ceithre chontae (Baile Átha Cliath, Dún na nGall, Port Láirge, Maigh Eo) as Bailiúchán na Scol ar www.duchas.ie i mí na Nollag 2013. Sheol Donnchadh Mac Fhionnlaoich, Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tionscadal ar 17 Nollaig 2013.
UCD Cnuasach Bhéaloideas Éireann DCU An Crannchur Náisiúnta

dúchas.ie