School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)

Location:
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Page 307
  3. XML “Naomh Máirtín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Baineann a lán nósanna le oidhche Naomh Máirtín mar naomh breagh do b'eadh é agus thug sé a fhuil ar son an tSlánuightheora. Nuair a bhí sé ag múineadh na bPagánach do gortuigheadh é i muil agus fuair sé bás dá bhárr ar an t-aonmhadh lá déag de mhí na Samhna agus ón am san amach deintear a lán coilig óga do mharbhú in ónóir dó agus ní dheineann na muilte aon obair an lá san ach an oiread.
    Nuair a deintear an coileach do mharbhú doirtear an fuil ins an gcistean, ins an stábla, i gcró na mbó agus i gcró na muc mar ceaptar go gcoimeádann an fuil sin an bás ó na daoine is ó na hainmhithe. Gheibhtear píosa cadáis freisin agus cuirtear an fuil ann agus cuirtear i gcoimeád é.
    Tá sean-creideamhaint ag na daoine mar gheall ar Naomh Máirtín. Deirtear má thuiteann muc tinn agus má chuireann fear a' tighe marc áirithe ar an muc agus má deireann sé le na linn sin go ndoirtfeadh sé fuil na muice in ónóir do Naomh Máirtín go dtiocfaidh an muc slán arís ach má iompáileann sé a aigne agus má deireann sé go gcuirfidh sé an mhuc chun an mhargaidh chun í do dhíol gheobhaidh sí bás.
    Bhí fear ann uair amháin agus ní raibh ach aon mhac amháin aige. Tóne ab ainm dó agus do bhí árd-mheas ag an athair air. Thuit muc tinn air agus do gheall an fear go ndoirtfeadh sé fuil na muice in ónóir do Naomh Máirtín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Orgáin
    Gender
    Female
    Informant
    Cáit Ní Chonóil
    Gender
    Female
    Address
    Cathair Seircín, Co. an Chláir