Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 098

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 098

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 098
  3. XML “Mac an Éisc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lánamhain ann agus bhíodar an-bhocht acht má bhíodar bocht féin bhí cailín aimsire agus bád aca.
    Lá amháin chuaidh an fear amach ag iasgach acht níor fheil iasgach go maith dhó mar bhi sé féin agus a bhean an-t-sean agus ní raibh mac ná inghean aca le n-a náit a tógáil nuair a gheobhfaidís bás.
    Chuaidh sé ag iasgach ar aon chor agus ba í an chéad staic a chuaidh i bhfastadh 'san eangaigh ná, maighdean mhara.
    Tharraing sé isteach 'san mbád í agus dúbhairt sise, "ná marbhuigh mé acht caith amach 'san bhfarraige arís mé, agus is gearr go mbéidh lán an bháid d'iasg agat."
    "An chéad bhreac a mbéarfaidh tú air, caith in áit dhó féin é agus tabhair dho do bhean é le n-ithe nuair a ghabhfas tú abhaile agus béidh cúpla mac aici tamall in-a dhiaidh sin.
    Rinne an fear mar a dúbhradh leis.
    Nuair a chuaidh sé abhaile dúbhairt sé leis an gcailín an t-iasg a chur ar bruith agus nuair a bhí sé bruithte thug sé dá mhnaoi é.
    Faoi cheann tamaill bhí cúpla mac ag mnaoi
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nuala Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe