School: Gortloney (roll number 11978)
- Location:
- Gortloney, Co. Meath
- Teacher: Eoghan de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortloney
- XML Page 154
- XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is dócha gur chuala gach duine trácht ar "Seacht n-ionghantaisí an domhain", ach is beag duine, sílim, taobh amuigh de Chonndae na hIarr Mhíde, b'fhéidir, go bhfuil "Seacht n-ionghantaisí Fobhair ar eolas aca. "Seadh, a dhuine, tá a leitheád ann cinnte, agus seo iad de réir mar a cuimhnighim orta:-IAn muileann gan sruth leis an roth do chasadhIIAN t-uisge nach féidir é do beirbhiúIIIAn t-adhmad nach féidir é do dhoigheadhIVAn mainistir atá tógtha ar pháiste talmhan réidh tirim i lár portaighvAn chloch a chaith Naoimh Feichín thar Cnoch na BeinneVIAn chloch mhór throm a chuir Naomh Feichín ós chionn dorais a teampuill.VIINach mbeidh Fobhar gan bhaintreabhach coidhche baineann furmhór na n-iongantaisí seo le taisbeántas comhachta Naoim Feichín agus miorbheult tabhactach a b'eadh an chéad cheann, i tdaobh an muileann gan sruth. Seo é an sgeul atá ag baint leis, agus is fíor áluinn an sgeul é.Bhí an lín-tighe manach i bhFobhar an-mhór(continues on next page)