School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 228
- XML “Leigheas a Dhein an Bhean Feasa Biddy Early ó Oirthear Co an Chláir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá baile fearthainn darbh ainm Buain Fada inaice le Cill-an-Dísirt ibparóíste Cúl Maoin. Bhí fear darbh ainm Sinán Mac Grogáín na chomhnaidhe ann fadó. Fear láidir dathamhail árd ba eadh é agus rinnceóír maith be eadh é leis. Ni riabh a leithead le fagháíl ar fuid na tíre maidir le luthchleasa.Aon lá nuair abhí sé ag obair san ngáirdín thuit sé tinn. Bhí a mhathair ana ceanamhail do agus do chuir sí iachall air dul a chodladh nuair do shrois sé an tigh. Do thug sí cupán bainne beirbhthe do mar do cheap sí gur slaghdan abhí air. An lá 'na diaidh sin bhí sé níos measa agus fé dheire do chuireadar fios ar an ndochtúir. Nuáir a thánaig sé níor mhaith leis in aon chor an crot abhí air agus dubhairt sé leis an athair go raibh eagla air go raibh a chnaipe déanta.Níor chiall an mhathair an misneach. Dubhairt se leis an athair go mba mhaith an rud cuairt a thabhairt do Biddy Early le dúil a mac dilis do leigheas. Do gléas an fear an capall agus do thug sé aghaidh ar thigh Brighde.Ní fheaca Brighid riamh é sul an lá san ach mar sin feín do bheannuigh sí do nuair do thánaig sé isteach agus bhí fhios a ainme, abhaile fearthainn agus a ghnótha aici i dtreó is a cheapfadh duine gur léi a chaith sé a shaoghal.Dubhairt sí gurbh é féín abhí cionntach leis an teinneas abhí ar a mhac. Dhein si cur síos ar thigh(continues on next page)
- Informant
- Conchubhair Mac Eochaidh
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Killadysert, Co. Clare