School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 225

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 225

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 225
  3. XML “Leigheas a Dhein an Bhean Feasa Biddy Early ó Oirthear Chontae an Chláir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeóír ann fadó agus do thuit tinneas ar a mhnaoi. Bhí clann mór aca agus bhí eagla ar an bhfear go raibh a port seinte mar níor tháithnigh an crot abhí uirthi leis an ndochtúir in aon chor. Fé dheire do chuir sé roimh cuaird a thabhairt do Bhiddy Early. Bean feasa abhí na comhnaidhe in oirthear Co. an Chláir le cuimhne daoine atá beó fós. Bean iongantach ba eadh í maidir le rudaí atá ceilte ó radharc an dhuine coitcianta.
    Do thosnuigh an feirmeóir ag triall ar mhaidean ar mhuin chapaill. Ní riabh aithne aige ar an mbothar ach bhí sé ag fiafruighe do dhaoine a bhuail uime ar an mbealach in deire na dála . Do shrois sé an té gan ciotrainn.
    Bhí fios a sgeál ag ag Brighid sul a labhair sé fhocail. Do thug sí buideál do agus fogradh aire mhaith a thabhairt do mar go ndeanfadh iarracht é do bhriseadh d'eirigh trí tubaiste leis sul ar shrois sé an bóithrín ag treórú chuig a thigh féin ach le grásta Dé thánaig sé slán asta go leír.
    Nuair a thánaig sé i bhfiadnaise an thighe d'airigh sé an gol ba thruaighmhéílighe dár airigh sé riamh. Cheap sé gurbh í a bhean abhí marbh agus do dhein se deithneas chun páirt a thabhairt ins an gcaoineadh.
    Nuair a shrois sé an té bhí a bhean mar abhí sí nuair d'fhág sé an tigh ar maidean. Thánaig biseach uirthi ón lá d'ól sí an chéád bhraon do bhuideál Brighde agus do fhuair sí bás anuraidh ar aois 89 bliadhna.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Biddy Early (~186)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Nic Eochaidh
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Killadysert, Co. Clare